Re-turn Brings DRS to Irish Islands in Pilot Programme Launch.
Arranmore Island, Cape Clear and Inishturk to be part of pilot programme

Re-turn, the administrator of Ireland’s Deposit Return Scheme, has today expanded access to its reverse vending machines (RVMs) and recycling infrastructure to three island communities in Ireland. The pilot will see the installation of RVMs on Arranmore Island in Co. Donegal and Cape Clear Island in Co. Cork, as well as communal Re-turn collection bins on Inishturk, Co. Mayo, ensuring residents and visitors alike can easily return drinks containers for recycling.
Island communities face unique challenges in managing waste, including limited transport links and constrained local infrastructure. Providing convenient return points ensures these communities are not disadvantaged in participating in the Deposit Return Scheme and supports equal access to recycling services across Ireland.
The initiative marks an important milestone in Re-turn’s commitment to making recycling more accessible for all communities across Ireland. The initial three islands were selected for the pilot programme based on geographic spread and variations in population size and following engagement with local communities.
The Islands Pilot Programme will gather information and data, monitoring return rates, machine usage patterns and community feedback to inform wider rollouts of RVMs to island communities in the future.
Comment from Minister of State for Small Business and Retail & Circular Economy
Alan Dillon, Minister of State for Small Business and Retail & Circular Economy said: “The launch of this pilot programme is a clear demonstration of Re-turn’s commitment to ensuring that Ireland’s Deposit Return Scheme is accessible to everyone, no matter where they live. Island communities are a vital part of Ireland’s social and environmental fabric, and it’s essential that they benefit fully from our national efforts to reduce waste and build a more circular economy. This marks a positive step forward in enhancing Ireland’s circular economy and ensuring that everyone can contribute to it.”
Comment from Re-turn
Ciaran Hope, COO of Re-turn, said: “Re-turn’s goal is to make it easier and more convenient for everyone in Ireland to participate in the Deposit Return Scheme. Ensuring equal access to recycling infrastructure is essential so that no community is left behind in Ireland’s transition to a circular economy. Extending the scheme to island communities is an important step forward in achieving that vision. The Islands Pilot Programme will allow us to test and refine collection logistics, strengthen local engagement, and gather valuable insights to inform wider rollouts. We’re proud to work hand in hand with island communities and stakeholders to make recycling simple, accessible, and impactful for all.”
In less than two years, consumers across Ireland have returned more than 2.1 billion plastic bottles and cans through the Deposit Return Scheme, helping to raise the national recycling rate for drinks containers placed on the market from *49% to 91%, with 76% of these containers collected through the scheme. The number of Deposit Return Points nationwide has increased by more than 1,300 in the last 12 months and now consists of over 2,660 Reverse Vending Machines (RVMs) and over 600 manual return points around the country.
Re-turn continues to build on this momentum, investing in new infrastructure and working closely with communities, schools, retailers, and environmental groups to make participation in the scheme as easy and accessible as possible. These efforts are strengthening Ireland’s circular economy and ensuring that every community, from cities to remote islands, can play an active role in reducing waste and protecting the environment.
Seolann Re-turn an Scéim Éarlaise agus Aisíoca ar Oileáin Éireannacha mar chuid de Chlár Píolótach
Árainn Mhór, Oileán Chléire agus Inis Toirc le bheith mar chuid den chlár píolótach
9 Nollaig, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall – Inniu, chuir Re-turn, riarthóir na Scéime Éarlaise agus Aisíoca in Éirinn, a chuid meaisíní seolta ar ais (MSAnna) agus bonneagair athchúrsála ar fáil do thrí phobal oileánda in Éirinn. Mar chuid den chlár píolótach, cuirfear MSAnna ar fáil ar Árainn Mhór i gCo. Dhún na nGall agus ar Oileán Chléire i gCo. Chorcaí, agus cuirfear boscaí bailiúcháin Re-turn ar fáil ar Inis Toirc, Co. Mhaigh Eo, le cinntiú gur féidir leis an bpobal agus le cuairteoirí a gcuid coimeádán dí a sheoladh ar ais le hathchúrsáil go héasca.
Baineann dúshláin faoi leith le bainistíocht dramhaíola ar oileáin, mar gheall ar naisc taistil, bonneagar áitiúil teoranta agus eile. Trí phointí áisiúla seolta ar ais a chur ar fáil, cinnteofar nach mbíonn na pobail seo faoi mhíbhuntáiste agus iad ag glacadh páirte sa Scéim Éarlaise agus Aisíoca, agus tacaítear le rochtain chomhionann ar sheirbhísí athchúrsála ar fud na hÉireann.
Forbairt thábhachtach é an tionscnamh seo mar a bhaineann le tiomantas Re-turn chun cúrsaí athchúrsála a dhéanamh níos éasca do gach pobal in Éirinn. Roghnaíodh an chead trí oileán don chlár píolótach mar gheall ar an éagsúlacht thíreolaíoch agus daonra a bhaineann leo, agus tar éis dul i mbun comhairliúcháin leis na pobail áitiúla.
Mar chuid de Chlár Píolótach na nOileán, baileofar eolas agus sonraí agus déanfar monatóireacht ar rátaí seolta ar ais, ar phátrúin úsáide meaisíní agus ar aiseolas ón bpobal chun bonn eolais a chur faoi chóras na MSAnna a leathnú amach go hoileáin eile amach anseo.
Dúirt Alan Dillon, an tAire Stáit do Ghnóthais Bheaga agus Miondíola agus don Gheilleagar Ciorclach: “Léiríonn seoladh an chláir phíolótaigh seo go soiléir tiomantas Re-turn le cinntiú go bhfuil fáil ag gach duine ar Scéim Éarlaise agus Aisíoca na hÉireann, beag beann ar an áit ina gcónaíonn siad. Cuid ríthábhachtach de shochaí na hÉireann iad na pobail oileánda agus tá sé riachtanach go bhfaighidís an buntáiste céanna as iarrachtaí náisiúnta chun dramhaíl a laghdú agus geilleagar ciorclach a thógáil. Céim mhór chun cinn é seo maidir le geilleagar ciorclach na hÉireann a fheabhsú agus cinntiú gur féidir le gach duine ról a imirt ann.”
Dúirt Ciaran Hope, Príomhoifigeach Oibriúcháin Re-turn: “Is é an sprioc atá ag Re-turn é a dhéanamh níos éasca do chách páirt a ghlacadh sa Scéim Éarlaise agus Aisíoca. Caithfear a chinntiú go bhfuil rochtain chomhionann ag daoine ar an mbonneagar athchúrsála le nach mbíonn aon phobal fágtha ar lár agus Éire á haistriú go geilleagar ciorclach. Tríd an scéim a leathnú amach chuig pobail oileánda, tugtar níos gaire muid d’fhíorú na físe sin. Cuideoidh Clár Píolótach na nOileán linn na praiticiúlachtaí a bhaineann le bailiúchán a thástáil agus a fheabhsú, cur leis an rannpháirtíocht áitiúil, agus léargais thábhachtacha a fháil a chuirfidh bonn eolais faoi leathnú níos faide na scéime. Táimid fíorbhródúil go bhfuilimid ag obair as láimh a chéile le pobail na n-oileán agus le páirtithe leasmhara chun an athchúrsáil a dhéanamh níos simplí, níos inrochtana agus níos éifeachtaí do chách.”
Taobh istigh de dhá bhliain, tá tomhaltóirí na hÉireann tar éis breis agus 2.1 billiún buidéal plaisteach agus cannaí a sheoladh ar ais tríd an Scéim Éarlaise agus Aisíoca, rud a chuir le hardú an ráta náisiúnta athchúrsála do choimeádáin dí a chuirtear chun margaidh ó *49% go 91%, agus bailíodh 76% de na coimeádáin sin tríd an scéim. Cuireadh níos mó ná 1,300 Pointe Éarlaise agus Aisíoca leis an scéim go náisiúnta le 12 mhí anuas agus tá níos mó ná 2,660 Meaisín Seolta ar Ais (MSAnna) agus 600 pointe bailiúcháin láimhse ar fáil anois ar fud na tíre.
Tá Re-turn ag cur leis an móiminteam seo go leanúnach, trí infheistiú i mbonneagar nua agus trí oibriú go dlúth le pobail, le scoileanna, le díoltóirí agus le grúpaí timpeallachta chun rannpháirtíocht sa scéim a dhéanamh chomh héasca agus chomh hinrochtana agus is féidir. Tá na hiarrachtaí seo ag cur le geilleagar ciorclach na hÉireann agus ag cinntiú go bhfuil gach pobal, idir chathracha móra agus oileáin iargúlta, in ann ról gníomhach a imirt chun dramhaíl a laghdú agus an timpeallacht a chosaint.